Traditional Music Concert in Mary Immaculate College – Ceolchoirm Tradisiúnta i gColáiste Mhuire gan Smál

seomra_caidrimh1Ar an gCéadaoin, 15 Feabhra,  bhailigh slua ollmhór le chéile chun taitneamh a bhaint as bua agus ealaín na gceoltóirí seo a leanas: Bobby Gardiner (Bosca Ceoil & mileoidean), Nóra Butler (Amhránaí), Eileen O’ Brien (Fidil) agus Eoghan O’ Sullivan (Giotár, An Fheadóg Mhór & An Bosca Ceoil). Do sheinn an Dr. Fíodhna Gardiner-Hyland in éineacht leo chomh maith ar an fheadóg stain.

B’iad An Dr Fíodhna Gardiner-Hyland (Oideolaíocht an Oideachais) agus Paul Collins (Roinn an Cheoil) a d’eagraigh an ócáid iontach seo. Bhain an slua an-taitneamh go deo as ceol agus amhránaíocht na gceoltóirí agus bhí atmaisféar thar a bheith speisialta le braith sa tSeomra Caidrimh an lá áirithe sin. Le h-aghaidh tuairisc iomlán  faoin Seomra Caidrimh in ‘Glaoch ón gColáiste’, téigh go dtí leathnach ‘Media’ anseo: http://www.fiodhnagardiner.com/media/seomra_caidrimh2