Agalamh ar ‘An Saol Ó Dheas’ le Helen Ní Shé

saolAgalamh idir Fíodhna Ní Ghairnéir agus Helen Ni Shé faoi dlúthdhiosca nua, den teideal AIR TIME – Airs for the Low , á sheoladh sa Seomra Caidrimh i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach ar an 5ú Mí na Nollag.

Cliceáil anseo chun éisteacht le h-agallamh a dhein Fiodhna ar an gclár An Saol ó Dheas ar 02/12/13 ar Raidió na Gaeltachta.

Seoladh i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, 5ú Mí na Nollag

micTugtar cuireadh duit a bheith i láthair ar an Déardaoin 5 Mí na Nollag 2013 @ 1.10i.n. sa Seomra Caidrimh nuair a sheolfar dlúthdhiosca nua ó Fhíodhna Gardiner, den teideal

AIR TIME – Airs for the Low Whistle.

You are cordially invited to the launch of the new CD from Fíodhna Gardiner, entitled AIR TIME – Airs for the Low Whistlein An Seomra Caidrimh on Thursday 5 December @ 1.10pm.

Cuirfear sólaistí ar fáil/Refreshments will be provided

Fáilte roimh chách

Traditional Music Concert in Mary Immaculate College – Ceolchoirm Tradisiúnta i gColáiste Mhuire gan Smál

seomra_caidrimh1Ar an gCéadaoin, 15 Feabhra,  bhailigh slua ollmhór le chéile chun taitneamh a bhaint as bua agus ealaín na gceoltóirí seo a leanas: Bobby Gardiner (Bosca Ceoil & mileoidean), Nóra Butler (Amhránaí), Eileen O’ Brien (Fidil) agus Eoghan O’ Sullivan (Giotár, An Fheadóg Mhór & An Bosca Ceoil). Do sheinn an Dr. Fíodhna Gardiner-Hyland in éineacht leo chomh maith ar an fheadóg stain.

B’iad An Dr Fíodhna Gardiner-Hyland (Oideolaíocht an Oideachais) agus Paul Collins (Roinn an Cheoil) a d’eagraigh an ócáid iontach seo. Bhain an slua an-taitneamh go deo as ceol agus amhránaíocht na gceoltóirí agus bhí atmaisféar thar a bheith speisialta le braith sa tSeomra Caidrimh an lá áirithe sin. Le h-aghaidh tuairisc iomlán  faoin Seomra Caidrimh in ‘Glaoch ón gColáiste’, téigh go dtí leathnach ‘Media’ anseo: http://www.fiodhnagardiner.com/media/seomra_caidrimh2

Fíodhna ar Radio na Gaeltachta – Clár ‘An Saol Ó Dheas’

an_saol_o_dheas

Sa Seomra Caidrimh i gColaiste Mhuire gan Smál, a rinne an Dr. Fíodhna Gardiner-Hyland, léachtóir san Oideachas, cur síos an- shuimiúil dúinn ar an taisteal atá déanta aici sa Mheán Oirthear agus seisiúin ceoil tradisiúnta in Abu Dhabi. Is í Helen Ní Shea ó Radio na Gaeltachta a chur Fíodhna faoi agalamh. Do shein sí fonn mall ”An Raibh tú ar an gCarraig” ag an deireadh.fiodhna9

Le h-aghaidh tuairisc iomlán ar an seó ‘An Saol Ó Dheas’, i gColáiste Mhuire gan Smál, téigh go dtí ‘Glaoch ón gColáiste’: http://friends.mic.ie/page/GlaochOct11/. Le h-aghaidh clip Fíodhna, téigh go dtí leathnach ‘Media’ anseo: http://www.fiodhnagardiner.com/media/